v
Home About_us Contact_us
e

 
celtic colleens  
 
 
 
 
   
 
   
 
 
l

IRISH CLASS DÁN Daithí Mac Siúlaí Feb 08

Obair bhaile agus rudaí eile

Bím ag freastal ar na ranganna Gaeilge ag an Halla Tomas More le blianta anuas agus rith an cheist seo liom le linn an tseachtain seo, “an bhfuiltear ábalta aon teanga a phiocadh suas ag freastal ar ranganna ar feadh cúpla uair gach seachtain”. Is sé mo bharúil nach bhfuil. Is fíor go bhfuil sé an-thábhachtach obair a dhéanamh taobh amuigh den rang ach uaireanta níl sé easca staidéir mar gheal ar go mbíonn daoine tuirseach tar éis oibre lae. Braitheann daoine go minic go mbíonn sé leadránach a bheith ag staidéir ábhair tirim cosúil le gramadach .

Is é mo bharúil láidir gur fearr do na daltaí sult a baint as an Ghaeilge chun an spéis a choinneáil suas sa teanga. Ceapaim gurb é an rud is tábhachtaí a bheith á éisteacht nó á labhairt nó á scríobh gach lá. Is é sin i bhfad níos furasta anois leis an ríomhaire ná mar a bhí sé fadó. Mar shampla, is breá liom féachaint ar TG4 ar mo ríomhaire. Tá sí le fáil anois ar an mbanda leathan mura bhfuil eolas agaibh roimhe seo. Ceart go leor níl sí chomh maith leis an teilifís ach tá sí maith go leor. Is caoi nádúrtha foghlamtha é sin ag féachaint ar TG4 nuair nach féidir a bheith ag éisteacht le daoine ag caint go líofa. Tá fotheidil ann i mBéarla i gcónaí chun cúnamh a thabhairt duit. Tá RnaG le fáil ar an ríomhaire freisin agus le déanaí tá pod-craoladh ann gach seachtain. Is rud nua an Pod-craoladh i saol na Gaeilge measaim. Níl lucht na Gaeilge go mall ag baint úsáid as teicneolaíocht nua ach a oiread. Sílim gur tháinig an pod-craoladh Ghaeilge ar an idirlín an chéad uair leis “An t-Imeall” le Conn Ó Muineacháin ón nuachtáin Lá agus is blogadóir é freisin.

Maidir leis na nuachtáin i nGaeilge, tá “Lá” ar an idirlín agus measaim go bhfuil “Foinse” ar fáil anois freisin. Tá Beo ann, iris míosúil do lucht na Gaeilge. Gan dabht, leis an idirlín, níl easpa foinsí na teanga againn.

Cé go bhfuil an t-idirlín iontach maith do na daltaí, tá uirlisí iontacha eile a chuireann feabhas ar do chuid Ghaeilge. Is iontach an uirlis an leabhar. Tá sé easca a bheith ag leamh gach lá agus chuirfeadh sé sin feabhas mór ar do chuid Gaeilge gan amhras.

Chomh maith leis sin ní féidir liom dearmad a dhéanamh ar ceann de na rudaí is aoibhne i nGaeilge, amhránaíocht chun tuiscint nádúrtha a fháil.

Ceard faoi na seanfhocail freisin. Níl aon foinse sheanfhocail san domhain chomh saibhir le seanfhocail na h-Éireann agus má tá roinnt de na abairtí sin i do cheann bheadh Gaeilge deas agat.

Ar ndóigh, níl an méid sin scríofa agam ach mo thuairimí phearsanta agus táim lán cinnte go bhfuil bhur shlite agus bhur mhodhanna féin agaibh agus go n-éirí an t-ádh libh leo.

Daithí Mac Siúlaí